Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for airline industry professionals · Friday, April 26, 2024 · 706,864,837 Articles · 3+ Million Readers

Fáilte curtha ag an Aire Hackett roimh leithdháiltí caiteachais fógartha i mBuiséad Deir sí go spreagfar cleachtaí feirmeoireachta atá báúil don nádúr de bharr na mbeart Méaduithe suntasacha i maoiniú fógartha aici do ghairneoireacht…

D'fháiltigh an tAire Pippa Hackett, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Cúrsaí Bithéagsúlachta roimh Bhuiséad 2021 agus dúirt go n-áirítear go leor beart tábhachtach ann trína spreagfar cleachtaí feirmeoireachta atá báúil don nádúr agus trína spreagfar agus trína ndreasófar feirmeoirí an méid is féidir leo a dhéanamh chun a gcuid talún a fheabhsú a dhéanamh fad agus atá siad ag táirgeadh bia d'ardchaighdeán. 

                                                                                                         

Dúirt an tAire Hackett, "Tá a fhios ag feirmeoirí go rímhaith go mbraitheann an méid atá i ndán do tháirgeadh bia agus atá i ndán dúinn ar fad ar thimpeallacht fholláin inar féidir linn feidhmiú. Tá tionchar dhíreach ag athrú aeráide agus ar chaillteanas na bithéagsúlachta ar fheirmeacha agus ar chomh hinmharthanach agus atá siad. Ach, táim sásta áfach go spreagfar cleachtaí feirmeoireachta atá báúil don nádúr trína scéimeanna agus na leithdháiltí atá fógartha sa bhuiséad seo, a chuideoidh le feirmeoirí a dtalamh a chosaint fad agus atá siad ag táirgeadh ón talamh céanna."  

 

Ag tagairt do bhearta ar leith, dúirt sí, "Tá sé ríthábhachtach gur téarnamh glas a bheadh i dtéarnamh na tíre maidir le Covid-19, mar sin, tá ríméad orm go bhfuil an €23m atá curtha ar leataobh ón gCáin Charbóin, chomh maith leis an €56 milliún i maoiniú breise atá á chur ar fáil ag an AE, mar atá fógartha an Aire McConalogue, á leithdháileadh ar réimse bearta nua píolótacha Timpeallachta. Chomh maith leis sin tá maoiniú, a bhfuil an-fháilte roimhe, faighte agam don Fhoraoiseacht, Gairneoireacht, Orgánaic, Gnáthóga a Chruthú agus Portaigh a Fhliuchadh Arís, chomh maith le roinnt tionscnaimh nádúrbhunaithe. Creidim go gcuirfidh na tionscnaimh sin go mór le níos mó cleachtaí atá báúil don nádúr a thabhairt chun cinn."

 

D'fhógair an tAire tacaíocht láidir d'Fhoraoiseacht agus leithdháileadh ar fiú breis is €100m é don bhliain 2021 á dhéanamh.  Dúirt sí, "Ní mór dúinn borradh a chur faoin fhoraoiseacht arís. Ach ní mór dúinn a bheith cinnte ag an am céanna go mbeidh tairbhe ag baint leis do chách.  Táim ag iarraidh go mór go ndéanfadh gach duine 'Crainn a Thabhairt ar Aird' sa bhliain 2021 agus táim ag súil leis an leithdháileadh láidir buiséid d'Fhoraoiseacht a úsáid chun réimse scéimeanna agus dreasachtaí a sheachadadh trína ndéanfar éagsúlacht i gcur, gníomhú ar son na haeráide agus bithéagsúlacht a sholáthar chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thionscal folláin."

 

D'fhógair an tAire go mbeidh méaduithe réasúnta mór á ndéanamh ar leithdháiltí do na hearnálacha Gairneoireachta agus Orgánaice. Dúirt sí, "Beidh 50% breise ag dul don Ghairneoireacht. Tá féidearthachtaí móra millteacha i gceist le Gairneoireacht agus cuirfidh an méadú seo ó 6m go €9m tacaíocht ar fáil do tháirgeoirí tuilleadh forbairt a dhéanamh chomh maith le hoibrithe nua a mhealladh i dtreo na hearnála. Táim ag iarraidh níos mó ionadú allmhairí a fheiceáil chomh maith le deiseanna i bpríomh-mhargaí a fhorbairt.  De bharr stad sláintiúil fabhrach na tíre maidir le plandaí tá deiseanna ann chomh maith teacht ar mhargaí idirnáisiúnta. Tá an-fháilte roimh an méadú 33% sa bhuiséad don Scéim Feirmeoireachta Orgánaí agus is ionann sin anois agus beagnach €16m, tugann sin aghaidh ar an bhfás atá ag teacht ar éileamh ó fheirmeoirí agus ó thomhaltóirí araon don chineáil sin táirgthe. Beidh duine ar bith atá páirteach sa scéim cheana ábalta leanúint ar aghaidh agus táim ag súil go dtabharfar tacaíocht leis an maoiniú do idir 400 agus 500 feirmeoir breise a n-aghaidh a thabhairt ar an bhfeirmeoireacht orgánach.    Is ionann sin agus tús suntasach á dhéanamh ar ghealltanas an Rialtais an méad den talamh ar a ndéantar feirmeoireacht orgánach a mhéadú." 

 

Leag an tAire béim ar an maoiniú breise atá sí ag leithdháileadh ar 'Thionscnaimh Bithéagsúlachta Nádúrbhunaithe' a fhorbairt.  Dúirt sí chomh maith, "Táim ag iarraidh cur le tionscnaimh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa faoi threoir áitiúil agus leaganacha faoi threoir pobail a bhunú. Tá ag éirí go han-mhaith leis an gclár EIP anseo, agus tá forbairt déanta ar go leor cuir chuige nuálacha chun dul i ngleic le saincheisteanna timpeallachta maidir le feirmeacha, mar sin, tá áthas orm €1.25m a fhógairt do thionscnaimh nádúrbhunaithe faoi threoir áitiúil mar iad."

 

Mar fhocal scoir rinne an tAire tagairt do chuid de na leithdháiltí a chuirfear i dreo taighde agus scéimeanna oiliúna agus dúirt, "Má táimid chun dul chun cinn ceart a dhéanamh beidh ar fheirmeoirí agus ar lucht déanta beartas tuiscint iomlán a bheith acu ar chéard atá againn chun an obair sin a dhéanamh agus ar chéard is féidir a dhéanamh. Creidim, mar sin, go bhfuil an €10m i maoiniú don chlár naisiúnta samplála ithreach, an €5m i maoiniú do staidéar bithéagsúlachta feirme agus an €14m i maoiniú d'oiliúint bithéagsúlachta agus sláinte agus sábháilteachta chomh tábhachtach. Chomh maith leis sin, bainfear leas as leithdháileadh €250,000 d'Athbhreithniú Náisiúnta maidir le hÚsáid Talún agus as €100,000 do staidéar féidearthachta ar an margadh olla chun tuilleadh eolas tábhachtach a fháil.  Is gealltanais iad seo ar fad atá i gClár an Rialtais.

 

 

CRÍOCH

 

Budget Minister Hackett

Date Released: 14 October 2020

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release